Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 316
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn an taonach ar suibhal uair sa mhí ar a laighead ins na sráidbhailte is giorra dom - i mBlacklion, in Damhsrath agus i mBeál Cú. Bionn an taonach ar suibhal in Damhsrath ar an tríomhadh lá de gach mhí, an taonach i mBlacklion ar an dára lá fichead de gach mhí agus an taonach i mBeál Cú ar an gcúigeadh lá de gach mhí. Éirigheann na feirmeoírí go moch lá an aonaigh cuid acu bidh in suidhe le gairm a' coilighe mar bhíonn aistear fada le dul aca, agus tiomáineann siad a mbíonn de bheithidigh aca - ba, buláin, gamhna nó caoirigh rómpa chun an aonaigh. Tugann siad na laoigh óga agus na muca i dtrucaillí mar bhéadh siad ró thuirseach dá mbéadh siad a' suibhal, ach mar sin féin dhá thúisge bhidh ann seadh is fearr an tionad a mbíonn aca chun a stuic do theasbáint. Bíonn páirc fé leith ins na bailte i gcóir na naontaighe chun gur bh'usaide don lucht díoltaa a stoc a theasbáint agus do'n lucht ceannuighthe é d'fheicsint. Is minic a ceannuightear beithidigh ag na tighthe feirmeóra agus uaireannta eile ag na crosbóthair. Bhíodh aonach ar subhal in Gleann-Gaibhleann i mBaile Gub ar an gceathramhadh lá déag de mhí na Nodlag ach ní bhíonn sé ann anois cor ar bith mar ní théigheadh na daoine chuige.Lá an aonaigh dá mba rud é gur dhíol feirmeóir bó bhéadh ar an bhfear gur dhíol sé an bhó leis "custum" a ioc uirthi ag teacht amach ar "bhearna an chustuim". Bhíonn fear ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. Cavan
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. Cavan