School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 317
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an mbearnain ag bailiú an airgid - pighinn ar na gamhna, trí pingne ar an mbuin agus de réir na haoiseanna. Nuair a díobtar na ba agus nuair a bhíonn an margadh déanta tugtar airgead ar ais - "bonn dútrachta" (luck penny) a tugtar ar an airgead sin. Sgilling a tugtar de gnáth ach is fearr leis na feirmeóirí na pinghneacha, pé fáth atá leis. Nuair a bhíonn an margadh déanta craitheann an feirmeóir is an ceannuightheoir lámh le na chéile agus sin a méid. Bíonn márcanna éaghsamla ag na ceannuightheoirí - bíonn pinn luaidhe dearga ag cuid aca, pinn luaidh dubha is gorma ag cuid eile díobh agus cuid eile fós bíonn siosúr aca agus gearann siad gráinne gruaige den bhuin nó giota beag as a cluais.Nuair a díobtar bó ní tugtar an rópa nó an córda don ceannuightheoir ach coiméadhtar é.Bíonn an taonach is mó i sráidbhaile Damhs-rath ar an trío,jadj ;a de mhí Bealtaine agus ceann eile ar an tríomhadh lá de mhí na Samhna. Tugtar aonach na dtuarastal ( The Hiring Fair) air sin. Bíonn na haonacha is mó i mBlacklion ar an naomhadh lá déag de mhí na Samhna agus ar dára lá fichead de mhí Bealtaine. Bíonn na sluaighte daoine ins an sráidbhaile an lá sin mar an lá sin seadh téigheann go leór buachaillí ar aimsir le daoine eile agus fanann siad ag obair leo go dtí mí na Samhna.(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Aodh Mac Siordan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan