School: Cuar an Chláir (B)
- Location:
- Cooraclare, Co. Clare
- Teacher: Liam Ó Lioghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuar an Chláir (B)
- XML Page 055
- XML “Staff”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ina chómhnuidhe i gClúnredán fadó darb ainm Staff. Sórt saighdúra a'beadh é. Bhí tigh deas aige i gClonredán, agus bhí a ainm ar fuaid na tíre go raibh sé go h-ana mhaith cun trodha agus gac rud mar sin.Bhí búachaill darbh ainm Ó Gormháin ina chómhnuidhe siar inaiche le Dúinbheag. Aon lá amháin bhí Ó Gormháin ag reilg i gClúnredán agus cuaidh sé isteach go dtí Staff. Dubhairt Staff leis bulláin reamhar do cuir cuíghe.
"Níl aon bullán réamhar agam," arsa Ó Gormháin.
"Ceannaigh ceann" arsa Staff.
Níor déin Ó Gormháin acht dul abhaile.Cuplá lá indhiaidh sin, nuair ná raibh an bullán ag teacht, bhí Staff ag dul go dtí a thigh cun é do mharbhúghad. Lúighe Ó Gormháin inaice le claidhe, agus tháinigh Staff ag marchuigheacht ar a caphall. Do sgaoil Ó Gormhaín agus leagh sé é. Cuireadh annsan é. Tá sé i bpáirc Uí Cadhla anois. Gac aoinne a gabh an slighe caitheadhar cloch ar an uaigh. Tá a uaigh le feischinth fós agus timcheall trí troighthe de clochaibh anuas air.- Informant
- Mrs Fitzmartin
- Gender
- Female
- Age
- 87
- Occupation
- Farmer's wife
- Address
- Drumellihy (Westropp), Co. Clare