School: Cuar an Chláir (C)
- Location:
- Cooraclare, Co. Clare
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Mháirtín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dul abhaile dí chun aire do thabhairt dí lá a báis.
D'fhiafrigh an maghistir de cad a thabharfadh sé dó dá ndéanfadh sé rud air. "Níl agam ach na scillinge sin," ars an fear, agus é ag tógaint amach as a phóca iad. "Tabhar dom iad sin agus tabharfad céad duit," arsa an maghistir arís. Bhí an t-áthas sin comh-mhór sin is do thug sé an púnt go léir dó. Sar a chuaidh sé uatha do thugadar deoch de'n uisge an Aifrinn (b'shin é uisge beatha nó fuisgí). Cuireadh crúiscín ós a chomhair amach. Ar dtúis bhí eagla air ach nuair a fuair sé amach gur fuisgí a bhí ann d'ól sé go mear é. Do thuit a chodladh air arís agus thugadar go dtí uaig i Seanchill an fhaid a bhí sé in a chodladh. Taréis cúpla uair do dhúisigh sé; cheap sé gur sa bhaile a bhí sé. Nuair a fuair sé amach an áit a bhí sé d'éirigh sé agus chuaidh sé abhaile cómh tapaidh is a bhí in a chosaibh.
An Domhnach in a dhiaidh sin ag éisteacht leis an Aifreann dó, bhí an sagart a rádh leis na daoinibh "Ní bhíonn aon dul as, as Aifrinn". " Bréag! Bréag!," ars an fear, ag éirghe, Bhíos ann agus do thainigeas as ar cúig scillinge"- Informant
- Máirtin Ó Donnghaile
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Cooraclare, Co. Clare