School: An Corrbhaile
- Location:
- Corbally, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Mac Coitir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dá dtarraingíochadh sí an sgian bheadh deire leis ach leig sé dí bás d'fághail. Do cuireadh í san aít 'na bhfuil an loch fé láthair. Tá an aít timceall ar an-bhogach agus ní féidir le haoine siubhal ar. Scraithmhaing 'seadh é agus dá mbrisfeadh an scraith thágheadh duine síos síos mar deritear nách bhfuil aon teóra leis an doimhneacht atá ann. Tá uaig eile ar an dtaobh thuaidh de'n loch ach mairnéalach a thaínig isteach marbh leis an taoide atá curtha ann.
(11) GLAS CLUAINTugadh an ainm sin ar an aít mar gheall ar mhóinfhear síor-ghlas atá ann. Do bhí flatha de mhuinntir Toirdhbhealaigh ann sa tsean aimsir agus ba leó an duthaigh sin go léir. Tá saghas bágh no port ar an dtaobh thuaidh den cheanntar agus deirtear go mbíodh longa agus baíd seóil ag glaodhadh isteach ann in allód. Tugtar " Glas " ar port mar sin in áiteanna. Ós ead é go bhfuil an moinféár sin suidhte cois an chuain ceapann a lán daoine gur mar sin a fuair sé an t-ainm.
(12) BAILE an LOCA:Ar an dtaobh thuaidh dhe Loc Fairrche tá baile beag nó cnuasacht tig ar imeall an locha ar a tugthar Baile an Locha. Deirtear go mbíonn(continues on next page)