School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cill Ruis
- XML Page 424
- XML “An Ghorta Mhór sa Cheantar Seo”
- XML “An Ghorta Mhór sa Cheantar Seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le'n ithe, do cuireadar seagal agus eorna, agus do dheineadar arán de.Siobhán Nich Uilliam, Carnacalla, Cill Ruis
M'athair a thug an t-eolas seo dom - Roimh an gorta bhí na prátaí go flúirseach, ach bhí na daoine ró leisgeamhail iad do bhaint. Ar feadh trí mblian níor fhás aon prátaí inaon chor, mar gheall ar sin tháinig athrú ar na daoine, mar ní raibh aon rud le n-ithe acu.Bhí alán daoine i gCill Ruis roimh an gorta ach tar éis sin fuair alán díobh bás leis an bhfiabhras agus an ocras. Cuireadh le chéile iad san bpoll céadhna ins na díogha.An t-am san bhí na daoine 'na gcomhnuide i dtighte déanta de cré agus tá na fothracha le feiscint i Sreath go dtí an lá seo. Nuair a tháinig an gorta ar na prátaí, ní raibh ach turnaipí le n-ithe ag na daoine.Gach Aoine thugadh na tighearnaí talmhan annruithe do cuid des na daoine chun iad do mhealladh chun an creideamh do shéanadh. "Soupers" a tugtaí ar na daoine(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Iubaird
- Gender
- Female
- Address
- Kilrush, Co. Clare