School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus arbhar sa ceanntar ní bhíodh feóil na arán ag na daoine mar do bhíodh ortha an stoc agus an t-arbhar do dhíol cun airgead an chíosa do sholáthair do na tigearnaí talmhan. Fuair alán daoine bás ar thaobh na mbóithre dén ocrás. Do chuaidh alán acu go tighthe na mbocht ac ni raibh slighe dóibh ionnta. Nuair a fuair daoine bás do cuireadh isteach sa cairte agus do cuireadh iad go léir isteach i bpoll amháin i Seán- Cíll gan comhra gan braitlín ar éinne acu. Chualas sgéal mar geall ar dhaoine a fuair bás san oisbeideal i gCill-Ruis de'n ocras. Do chuireadh na daoine isteach i mboscaí móra agus iad leath marbh, agus nuair a bhíodar ag dul go dtí an reilig i dtriocall chuala na daoine fear istig i mbosca ag cainnt agus do chuadar thar-nais arís go dtí an oisbeideal agus do tógad an fear amac as an mbosca agus táinig sé chuige féin arís.Brígid Ní Dheagháidh, Dún na nGrógán, Cíll-Aimidhe
M'athair a thug an t-eolas seo dom- Collector
- Brigíd Ní Dheagháidh
- Gender
- Female
- Address
- Doonnagurroge, Co. Clare