School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cill Ruis
- XML Page 468
- XML “An Naomh Áitiúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lán de na daoine sa paróiste. Tá lá le Naomh Senáin ar an 8adh lá de Márta, ach ní lá saoire é.Do dheineadar a lán miorbhuiltí. Do bhí cathach in Oileán Inis Cathaig agus do chuir Naomh Senán as an Oileán é. Do léim an cathach go Sliabh Callán agus thóg sé greim de'n talamh ar bharr an t-sleibhe agus d'éirig loch ins an áit. Do chuir sé seacht seipéil agus teampall ins an oileán sin. Ní leigfeadh sé aon bhean isteach san oileán. Bhíodh Naomh Cainir in a suidhe ar leich ar thráigh Cíarraighe ag féacaint go h-Innis Cathaig ag b'fada léí dul ann. Oidhche amháin nuair a bhí sí in a suidhe ann do shleamhnuig an leach isteach san uisge agus do chuaid sé go h-Innis Cathaig. Fuarthas a corp ar an dtráigh. Do b'éigean dóibh í do chur ag tráigh mara. Do cuireadh é in Inis Cathaig agus nuair a bhí sé ag fághail bháis dubhairt sé leis na daoine an roinnt de a bheadh os comhar a úaighe do choiméad. B é a órdóg an roinnt sin. Domhnach amháin d'fhág a athair Naomh Senán sa bhaile ó'n Aifreann chun na préacháin do choiméad as an gáirdín. Do chuir sé na préacháin go léir isteach ins an sgioból(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Address
- Doonnagurroge, Co. Clare