School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cill Ruis
- XML Page 475
- XML “Naomh Seanán”
- XML “Naomh Seanán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an t-uisce. Tá sí curtha anois in uisce éadoinn in aice le h-Inis Cathaig.
- Rugadh Naomh Seanán i Móghloca. Tá seact dteampall in Inis Chathaigh a thóg Naomh Seanán. Lá amháin nuair a bhí Naomh Padruig ag munadh i gCo Luimnidhe, do chúaidh daoine ó Co. an Cláir dó, agus d'íarr síad air, teacht go Co. an Chláir. Dúbhairt sé go mbéadh naomh i Moghloca a muinfadh íad, agus dacad blian na' dhíaid sin rugadh Naomh Seanán. Núair a bhí sé 'na fear mór do chuaidh sé go Inis Cathaigh agus bhí piosta ann a bhí a dhéanamh a lán díomhbhail do's na daoine. Do chuir Naomh Seanán an piosta amac as anáit. Nuair a bhí an piosta ag dul os an áit d'fág sé iomarca 'na dhíaid agus tugtar " Gleann na bPéast " ar pháirc inaice an chlocoir. Lá amháin nuair a bhí Naomh Seanán an-óg chuaidh a mháthair amach ag cur na mbó isteach i bpairc agus do pioc sí sméara dubha, agus bhí sí á ithe núair leabhar Naomh Seanán agus dúbhairt sé níor ceart dí é d'ithe agus tháinig an tobar ann, agus tugtar tobar Naomh Seanan air. Tá loc i Maghloca cómh mhaith agus is é Naomh Seanán a cur an loc ann. Lá amháin bhí Naomh Seanán agus a mháthair ag siubhal i bpáirc agus tháinig tart ar a mháthair. Do tharrig an naomh trí luacair agus tháinigh(continues on next page)
- Collector
- Brigíd Ní Dheagháidh
- Gender
- Female