School: Cúl Mín, Inis
- Location:
- Coolmeen, Co. Clare
- Teacher: Dd. Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Mín, Inis
- XML Page 280
- XML “An Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cé go raibh gorta ghéar ar fuaid na h-áite seo ní bhfuair mórán acu bás le h-ocrais. Nuair ná raibh práta ná coirce acu d'itheadar turnaipí agus cabáiste. Mharbhuigheadar na beithidhigh is bhí feoil acus ar feadh i bhfad.Bhí sean-bhean annso i gCros Doire is dubhairt sí gur mhair sí féin is beirt eile ar feadh seachtmhaine is ní raibh acu mar bhiadh acht aon ubh amháin. Fuair duine de mhuintir Uí h-Eachair bás annsan le h-ocrais. I ndeire thiar na Gorta bhíodh béilí carannachta da roinnt amach annso. Gheibhidís min bhuidhe insna tighthe carannachta agus thabharaidís abhaile leo í chun í d'ithe. Bhí an mhin á roinnt amach annso i gCúil Mín i dtig Phádraig Uí Neidhleáin agus cúmadh amhrán 'na thaobh.Paddy Neylon was fat in the face
Whilst he was giving the charity
But when it was taken away
He drove Mickey into the platter house.Curfá
Pull away roudlam roudlam(continues on next page)