School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair tháinig té go dtí an tír seo ar dtúis, bhí sé an gann acht bhí gach aoine ag trácht fé. Lá amhain, cuaidh fear ó Cill Bheathach go Cill Ruis agus dúbhradh leis go mbíodh cupán té le fághail i dtig áirighthe ann. Ní raibh aon bheurla ag an bhfear agus isteach leis ag lorg an cupán té. Tugadh dó é agus siúcre agus bainne agus ars an bhean leis " Sweeten it to your liking ".Dól sé an té acht nó raibh a fhios aige cad chuige an siúcre ná an bainne agus ar ndóigh, bhí an té searbh gan íad, acht pé sgeul é d'íoch sé as agus roimh dul abhaile dhó isteach leis i siopa eile chun cupáin eile d'fághail agus chuir an tarna bhean an bainne agus an siucre sa chupán agus do thaithn sé go mór leis. Nuair a bhí sé ag tabhairt luach an té uaidh d'fhiafruidh sé di cad é an saghas té a bhí aici agus dubhairt sí leis gur bé " the best Congo ".Mo ghrádh do Chongo a bhean bheag ar séisin acht bheirim dó'n diabhal " Sweeten to your liking ".
Brighid Bean Uí Chatháin
Carraig-a-Chabhaltaigh
Fuaras é ó Sean Ó Meachar
Rinn Bhile
Carraig-a-Chabhaltaigh- Collector
- Brigid Bean Uí Chathain
- Gender
- Female
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare
- Informant
- Seán Ó Meachar
- Gender
- Male
- Address
- Rinevella Point, Co. Clare