School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhuail bacach agus a bhean isteach i dtigh feirmeoira láim le Carraig a' Chobhaltaigh lá, díreach nuair a bhí muinnthir a tighe ag suidhe chun dinnéir. "In am an bídh a rugadh sibh" arsa bean a tighe "druididh isteach ag cath roinnt linn". Luigheadar chun bidh le fonn ach sula raibh leath an dóthain ite aca d'airigeadar muintir an tigh ag altúgadh.
"Tá sé chomh maith againn" arsan bacach "altúgadh a dheinamh ar nós cach". Seo mar a dhein sé é. "Altúghadh brian agus mór moladh go deo le Dia. Peacaidhe muintir a tighe seo thiar. Buidheachas le Dia ar a bhfuil itte againn is ar a bhfuil gan ithe againn is an té ar mór leis a n-iteamar ná raibh saoghal go lá ar muir aige.
Paidir ar on dtaobh thall d'abhainn, paidir ar an dtaobh bhfus d'abhainn. Is bás gan sagart do cailleacha an domhain".Aíne de Róiste, Gleann Coininn.
Fuair me an sgeul ó mo driothar.- Collector
- Áine Dé Róiste
- Gender
- Female
- Address
- Cloonconeen, Co. Clare