Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 072
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá dá laitheanntaibh dár bhuail Ceithearnach amach ar fuaid a rioghachta. Thug sé a aghaidh ar Lios na Falainge, bhí an Sluagh Sidhe ann roimhe agus iad a seinm ceoil; dhéaluig an Ceathearnach isteach, agus do rug leis iníon riogh Sliogigh agus d'imigh sí i n-éineacht leis abhaile. Níor labhair sí aon fhocal cainnte leis go cionn bliadhna. Annsan, do chuaidh an Ceithearnach fá dhéin Lios na Falainge arís. Bhí an Sluaigh Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil is ag innsint scéalta dá chéile. "Bliadhain sa lá inniu" arsa duine aca, "seadh do rug Ceithearnach a'Caoithrinn iníon ríogh Sligigh uainn". "Cad é an maith dhó" arsa duine eile aca, "óir ná bhfuil aon fhocal cainnte aici dó". "Is fuirist é sin a leigheas" arsa duine eile aca, "mar dá n-ólfadh sise trí braona as a gcorn dighe seo againne do bheadh a cainnt aici comh maith is do bhí aon lá riamh".
Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do sciob leis a' t-éadach cláir sa raibh ann, agus do rug leis abhaile é, agus thug trí braoin as a gcorn dighe le h-ól d'iníon ríogh Sliogadh. Ní túisce bhí ólta aici ná go raibh a cainnt aici chomh maith is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Aongusa
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carrigaholt, Co. Clare