School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)geodhfaidh mé chúgat agus fágfaidh mé agat é" dúbhairt an bhean óg. Do Thriall sí léithe, annsan, ar tuairisc an buachalla agus bhí a fhagáil s thuairisc 'ngach aon áit go dtáinig sí amuigh go dtí doras an ríogh do leighiseadh leis an uball ó Gáirdín Mhuiréain. D'fiafruig sí don rígh annsan, a raibh sé tinn nó cad do leighis é. "Ubhall ó Gáirdín Mhuiréain a leighis mé" adubhairt sé. "Cé thug chúgat é" dubhairt sí. "Mo mhac" adúbhairt sé. "Glaoidh amach ar do mhac chugam" adúbhairt sí. Tháinig a mac amach. "Raibh tusa in nGáirdín Mhuiréain" adúbhairt sí. "Bhí mé" adúbhairt an mhac. "Cionnas ar chuaidh tú ann" adúbhairt sí. "Cuaidh mé ann de siúbhal" adúbhairt sé. "Ní raibh tú riamh ann" adúbhairt sí. "Bhfuil mas eile agat?" adúbhairt sí leis an rígh. "Tá" adúbhairt an rí. "Glaoidh amach air chugam" adúbhairt sí. "An raibh tusa in nGáirdín Mhuiréain?" adúbhairt sí leis an tarna mac. "Bhí mé" adúbhairt sé. "Cionnas ar chuaidh tú ann?" adúbhairt sí. "Chuaidh mé ann de siúbhal" adúbhairt sé. "Ní raibh tú riamh ann" adúbhairt sí. "Bhfuil aon mac eile agat?" adúbhairt sí. "Tá" adúbhairt sé "ach tá sé marbh". "tabhair chugam a cnámha" adúbhairt sí "nó marbhótaidh mise tusa". Chuir an rí cunntas go dtí an taodhaire, "agus abair leis" adúbhairt sé "cnámha mo mhic do marbuigh a thabhairt go dtí an bhean atá annso". Tháinig a taodhaire agus a bhúcaill a cuireadh chun báis. d'fhiafruig sí de a raibh sé i nGáirdín Mhuiréain agus dúbhairt sé go raibh. "Cionnas a chuiadh tú ann?" adúbhairt sí. "Chuaidh mé ann" adúbhairt sé "ar dhroim fioláir". "Siúd é an fear a thug an tubhall leis a leighis tusa" adúbhairt sí leis an rígh. "Cad air a raibh tú a siúbhal isteach go dtí an crann" adúbhairt sí. "Bhí mé a siúbhal ar drom piast" adúbhairt sé. "Cá ndeaghaidh tú annsan?"(continues on next page)
- Collector
- Cait Ní Maoldomnaig
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare