School: Bennettschurch, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Graignagower, Co. Waterford
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Dhíomasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an buachaill leis chun an áit a theasbáint dó. Nuair a shrois siad an áit dhéin an feirmeoir poll mór ins an dtalamh. Fuair sé bosca agus bhí se lán d’ór. Bhí sé scríobhta ar an mbosca sin go raibh bosca eile ann. Fuair an feirmeoir an dá bhosca agus bhí siad lán d’ór. Bhí an fear saidhbhir ar feadh a shaoghail. Thug an fear cuid de’n ór do’n buachaill.
- Fadó bhí ór i bhfolach í sliabh í “Boolavonteen”. Na Danair a chuir ann é. Chuaidh a lán daoine ag lorg ar an ór acht theip ortha é a fhágail.
Lá amháin chuaidh beirt fhear go dtí an áit in-a raibh an t-ór. Thug siad sluasad agus rán leo agus thosnuigh siad ag obair go cruaidh. Bhí poll mór ins an dtalamh achu agus ní fada go bhfuair siad buicéad agus bhí sé lán d’ór.
Bhí an dorchadhas ann nuair a bhí an bheirt fhear ag dul abhaile. Chonnacadar sprid Danar. Bhí eagla ortha agus chuaidh siad abhaile go mear. Nuair a chuadar(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Corbháin
- Gender
- Female
- Age
- 66
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Curraghateskin, Co. Waterford