School: Láithreach
- Location:
- Laragh, Co. Monaghan
- Teacher: Mrs Duffy
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Láithreach
- XML Page 131
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéul a dó.
Bhi sean-shaighduir in a chomhnuidhe i gConndae Mhuigheo uair amháin, agus 's é an ceirde bhi aige na a' dul chuig gach uile aonach agus margadh a' liostáil fear óg do'n Airm. Lá amháin i mí na Nodlag bhi aistear deich míle roimhe le dul chun aonaigh. Bhi ceóltóir in a chuideachta. Fear dubh do b'eadh é, an ceólteoir do bhiodh a' seideadh trumpa cun amadán óg na tíre a' chruinniú thart air.
Cha raibh clog na uaireadóir le faghail ag an am sin agus an oidhche roimh lá an aonaigh d'eirigh an bheirt i lár na h-oidhche agus ghluais siad ar aghaidh chuig an aonach.
Bhi an bóthar lom, garbh, sléibhteach, gan scáth gan fascadh ar aon taobh de. Bhi sé a' fearthainn go trom agus bhi siad fuar and fliuc go croiceann.
Fa dheireadh tháinig siad chuige teach. Chuaidh an Saighdiuir go dti an doras, d'fhoscail sé é agus chuaidh an bheirt aca isteach. Las siad solas agus d'fheuc siád mór thimpeall. Cha raibh dada ann acht bórd ar lár an urláir agus dornán tuighe ar an cheann íochtar de.
Shuidh siád ar an bhórd agus rith an t-uisce as a gcuid éadaigh. Car bhfada go gcualaidh siád glór(continues on next page)- Collector
- Brighid Bean Uí Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peadar Ua Cumascaigh
- Gender
- Male
- Address
- Tusker, Co. Monaghan