School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Fadó nuair a bheadh cailín in aois a phósta, do dheineadh sí féin agus a máthair suas caidhp bhreágh ribíní. A n céad Domhnach de'n Inid nuair a bheidís ag dul go dtí an t-Aifreann, do bheadh an cailín ag siubhal amach roimis an máthair agus bhíodh an máthair ag siubhal na diaidh aniar agus 'sé an rud a bhíodh aici 'á rádh ná "Aibidh! aibidh! aibidh!"Muna bpósfadh sí an Inid sin do beadh caidhp abhfad níos breághtha uirthi an turas so. An céad Domhnach de'n Inid nuair a bheidís ag dul go dtí an t-aifreann do bhíodh an cailín ag siubhal amach ar dtúis agus an máthair 'na diaidh aniar agus 'sé rud a bhíodh ag an máthair ghá rádh an turas so ná, "Lobhtha aibidh! lobhtha aibidh! lobhtha aibidh!Mua bpósfadh sí an Inid seo do bhíodh cadhp ana bhreágh go léir uirthi an céad Inid eile. An céad Domhnach de'n Inid mar ba ghnáth do chuireadh sí an caidhp uime agus bhíodh sí ag siubhal roimis a mathair amach agus 'sé rud a bhíodh ag an máthair 'á rádh an turas so ná "Seana lobhtha aibidh! seana lobhtha aibidh! seana lobhtha aibidh! agus ní phósfadh aoinne í an turas so mar déarfaidís leo féin nuair nar phós aoinne í an dhá bhliain roimis sin gur cóir nó go raibh rud éigin éágsamlach uirthi agus ní phósfadh aoinne í.(continues on next page)
- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female