School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 290

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 290

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 290
  3. XML “An Fear ná Féadfadh Crith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann agus bhí beirt mach aige, duine aca abhí ana cliste agus an fear eile gur saghas leath-amadán é. Bhí ana meas ag an athair ar an mac cliste ach ní raibh aon meas aige ar an leaid eile. Ní fhéadfadh an fear óg, b'siné an leath-amadán, ní fhéadfadh sé crith. Aon lá amháin dubhairt an t-athair leis go raibh sé in am do dul amach ag tuilleamh a choda féin. Dubhairt an buachail leis. "Dá bhféadfadh aoinne mé a chur ag crith ní theastóchadh a thuile uaim."
    D'imthigh sé leis agus do chasadh fear air agus do innis sé a sgéal do. Dubhairt an fear go múinfeadh sé féin dho conus crith, agus do chuaidh an buachaill abhaile leis. I lár na h-oídhche do ghlaoidh an fear air agus dubhairt sé leis dul go dtí an Seipéal agus an cloigín a bhualadh. D'imthig an buachaill leis ach nuair a shrois sé an áit do chonnaic sé an fear bán 'na sheasamh ar an staighre.
    Do labhair an buachaill leis ach ní bhfuair sé aon fhreagra. Labhair sé airís leis ach b'é an sgéal céadna é. Labhair sé an trímhadh h-uair leis agus dubhairt sé muna bhfreagróchadh sé é an turas san go gcaithfeadh sé síos an seomra ach ceap an fear eile ná déanfadh sé a leithéid agus d'fhan mar a raibh aige, agus do rith an buachaill cuige agus do caith sé síos an staighre é agus do chuaigh sé abhaile agus chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female