School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 310
- XML “An Socraid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann uair agus théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche agus bhíodh sé ag imirt cártaí agus bhíodh a mháthair ag cur stop leis ach ní éistfeadh sé léi. Aon oidhche amháin bhí sé a dó a clog nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus do chasadh socraid uime ar an mbóthar agus ní raibh ach triúr fé´n gcomhrainn agus do chuireadar an buachaill agus agus do thógadar trí míle ó bhaile é. Ar maidin lá'r na mháireach bhí sé ana bhreoite agus b'éigin do fanamhaint sa leabaidh ar feadh sé seachtmhaine. Do mhúin sé sin ceacht do. Dá mbail leis rud a dhéanamh ar a mháthair ar dtúis ní thuitfeadh sé sin amach. Ach ní déanfaidh daoine rud ar a máthar go deire an domhain:-
"Nuair a labharfaidh an cuach ar crann gan duilleógNuair a thuitfidh Domhnach Cásga ar lá 'le MuireNí fada uainn deire an domhain.- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female