School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 354
- XML “Dáth Ua Iarflaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear de mhuintir Larflaithe ina chómhuidhei mBaile-mhúirne uair. Bhí sé posta agus bhí beirt mac aige. Tar-éis roinnt bliadhanta do cailleadh a bhean. Chuaidh sé go dtí an Róimh agus deineadh sagart de. Dáth ab'ainm do duine aca. Nuair a tháinig sé abhaile ina Shagart b'é Dáth a fhreagair an céad aifreann i mBaile-Mhúirne dho.
Nuair a fhásadar suas do chuaidh an fear eile go dtí an Róimh agus deineadh sagart do. D'fhan Dáth sa bhaile. Do deineadh sagart de'n fear a chuaidh go dtí an Róimh. Nuair a tháinig sé abhaile agus é ina shagart b'é Dáth a freagrairt an céad aifreann a léigh sé i mBaile-Mhúirne dho. Tar-éis tamaill do Phós Dáth agus bhí clann mhór aige. Dubhairt an fear ab'óige gur mhaith leis bheith 'na shagart. Chuireadh go an Róimh é sin leis.
Tar-éis roinnt bliadhanta tháinig sé abhaile agus é ina shagart. An t-Athair liam ab'ainm do. Is i mBaile-mhúirne a léig sé sin an céad aifreann chómh maith leis an gcuid eile. Do cailleadh athair Dáth ansan. Nuair a bhí an méid sin go léir déanta ag Dáth do bhíodh sé ag maoidheamh i gcómhnuidhe agus deireadh sé "Tá rud mhaith déanta agam anois, rud nár dhein aoinne riamh fós is dócha i mBaile-Mhúirne ar aon chuma. Táim tar-éis aifreann a fhreagairt de'm athair, dom driothár agus de'm mhac, agus rud níos fearr ná san féin an céad aifreann a léigheadar i mbaile-Mhúirne."agus bhíodh sé ana mórdhálach mar geall air,- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female