School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 358
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear darbh ain, do Liam Ua Dálaigh 'na chómhnuidhe in Ínse Mór roinnt mhaith bliadhanta ó shoin.”
Bhí fear darb' ainm do Liam Ua Dálaigh 'na chómhnuidhe in Ínse Mór roinnt mhaith bliadhanta ó shoin. Bhí sé pósta ach ní raibh aon clann aige agus bhí a bhean marbh le cúpla bliadhain an t-am so.
Bhí cara aige d'en ainm Caoimh agus bhíodar ana mhór le 'na chéile, agus théigheadh Liam ar chuaird cuige go minic. An turas seo chuaidh sé cúige agus pé rud a thárla eattorra níor chuireadh cóir ró-mhaith ar Liam. Ní raibh sé ann ach oidhche amháin nuair a dubhairt sé go dtiocfadh sé abhaile. Ar maidin tháinig muinntir an tíghe amach san clós nuair a bhí sé ag imtheacht. Bhí spideóigín ar ceann de's na crannaibh agus é ag cantainn. D'fhéach Liam air agus do labhair sé amach in árd a cinn is a gutha:-
"A éinín bhig ar ar gcraoibh
Is beag a líonfadh do sháith,
Ach dá mbeidhfá oidhche idtig Uí Chaoimh
Do thuitfeadh do bhroinn ar do chráig."
…………………………..
"Féach an ceann is gan an ach áit na súl
Is féach an dranndal manntach bearnach úd,
A fhir úd thall, cé ramhar cé áluinn tu
Beidh do cheann gan amhras, lá mar siúd."- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female