School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill agus a mháthair ann uair agus bhíodar ana bhocht[.] Domhnall ab’ ainm de’n bhuachaill. Aon oidhche amháin bhí an buachaill amuich déanach agus do chasadh fearín ana bheag air. Púca ab’eadh é. Do dheineadar margadh le ’na chéile go dtiocfadh an buachaill amach an céad oidhche eile agus go rughadh an bheirt aca ar thuras le chéile.
Tháinig an oidhche. Chuaidh an buachaill amach ach dubhairt sé le ’na mháthair gur ag sgoruigheacht abhí sé ag dul. Díreach nuair a chuaidh Domhnall ar an dtaobh amuich de’n doras bhí an fearín beag ag feitheamh leis. Thug sé brob luacra do Dhomhnaill agus dubhairt sé leis é a iompáil agus go ndéanfaí capall de. Is sean-fhocal é nár theip an tuathal ar aoinne riamh mar b’é an taobh éagcórach de’n bhrob a iompuig Domhnall amach, agus nuair a deineach capall de’n brob is ag féachaint siar ar a eirbeall abhí Domhnall. Ní bhfuair sé uain ar iompáil ar a chuma ceart in áirde ar a dhrom mar bhí an capall ag imtheacht ró-mhear.
D’imthigheadar leo de dhruim cnocáin is isleáin agus de bharr barraidhe na gcrann. Ba chuma iad le geanna fiadhaine ag imtheacht tríd an spéir. Chomháineadar leo agus níor stopadar riamh is coidhche go dtánadar go tig duin-uasal. Stop an fearín beag agus thánadar anuas de na chapaill agus do deineadh dhá brob luacra díobh airís Dubhairt an fearín beag le Domhnall gach rud(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female