School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 369
- XML “Nóra Dáth”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean de mhuinntir Loingsigh 'na cómhnuidhe sa Charraig timpall caogadh bliadhain ó shoin. Nóra Dháth ab' ainm di mar Dáth ab' ainm dá h-athair. Bhíodh siopa beag aici agus dhíolfadh sí arán agus snaois agus mion-rudaí eile. Bhí sí pósta agus bhí aon mhac amháin aici agus Domhnall ab' ainm do, ach bhí a fear marbh le fada roimis seo.Théigheadh sí go Mhaghchromda ad' iarraidh aráin cé go raibh bácacracht ar siubhal ag an Muilleann an uair sin, ach bhíodh an t-arán ó Maghchromda níos deise agus níos fearr. Pé sgéal é théígheadh sí sin go Maghchromda ag siubhal agus do thugadh sí an t-arán abhaile i mála ar a drom. Uaireanta gheibheadh sí marchuidheacht ó dhuine éigin ar chapall.Nuair a thagadh sí thar-n-ais leis an arán bhíodh na daoine ag rith cúichi chun é a fháhail uaithi mar bhíodh an tigín ana shalach aici agus ní raibh sí féin ró-ghlan leis agus theastuig ó na daoine an t-arán d'fháhail uaithi sar a raghadh sé isteach san tigín salach.Chuaidh a mac Domhnall go dtí Americe ansan. Bhí Nóa féín ag déanamh amach ar ochto bliadhain d'aois an turas so agus ní raibh an t-sláinte go ró-mhaith aici agus ní raibh sí ábalta ar dul go Maghchromda a thuile ad' iarraidh an aráin. Níorbh' fhada 'na dhiaidh san gur chailleadh í, agus níor airigheadh tásg ná tuairisg ar Dhómhnal as san amach. Do thuit an tig ansan agus do tóadh stáblaí i gcóir capaill 'na ionaid.
- Informant
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female