School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 374
- XML “Marbhnamh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo Mairbhneamh a dhein Naomh Pádruig mar gheall ar cailín. Inghean rígh ab-eadh í agus Ine ab'ainm di. Theastuig ó gaolta léi í a phósadh le fear áirighthe. Protastúnaig ab' eadh a gaolta agus protastúnach ab'eadh an fear gur theastuig uatha í a phósadh leis. Níor thaitn leis an gcailín féin é a phósadh in-aon-chor.
Bhí Naomh Pádruig in Éirinn an t-am san agus níor theastuigh uaidh sin go bpósfadh sí an fear san ach chómh beag. Pé sgéal é fuair na protastúnaig an láimh uachtair ar Naomh Pádruig agus bhíodar chun í a thógaint leo as an dtír ar fad ach nuair a bhíodar ag siubhal isteach san long do rug an fear ar lámh uirthi ach do thuit sí marbh ag a chosa. Nuair a airig Pádruig an sgéal do dhein sé an mairbhneamh so 'á moladh agus seo é:-(Cluidhtear) adubhairt an seana-bhean.
"Cluintear fonn feach fial anois sa tír is buainne braon dhéis na Gréige grianluighthe. Ní bás thu go dtí sluagh aon aois mise agus aon-aois na n-arm gaisge. Indís ná h-oireann dúinn a chreideamh, ní fáth dhúinn ach talú.
Níl aon ghrádh againn ach Ine. b'Aoibhinn é a chorp seang séimh agus a béal fé ciuineas focal i nganúineacht na taraigreacht a tháinig go h Éirinn.
Ní'l le rádh agam, ach beannacht a leogaint leis an anam abhí i gcorp inghean Áilne. B'í siúd an bhean[féach nóta leath. 382](continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female