School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 398

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 398

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 398
  3. XML “Connie na bPúcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an dochtúir Baldwin 'na chómhnuidhe in Gort an Imil timcheall seasga bliadhain ó shoin. Bhí sé pósta agus bhí aon inghean amháin aca.
    Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó thig duine bhreóidhte. Bhí sé ar capall iallait Nuair abhí sé cúpla míle ó'n dtig do tháinig ualach mór ar an dtaobh thiar de. Níor imtheóchadh an capall. Tháinig sé anuas de'n capall. Bhí an capall ag cur alluis. Chuaidh se ináirde air airís ach bé ag sgéal céadna é agus fe dheire b'éigin do teacht anuas de'n capall.
    Bhíodar ag gabháil thar droichead agus d'fhéach an dochtúir ar an dtaobh thiar de agus chonnaic sé bean ag teacht anuas de'n chapall.
    Nuair a bhíodar imthighthe thar an droichead chuaidh sé in áirde ar an gcapall agus do ghluais sé go breág go dtánadar abhaile. Níor innis sé an scéal d'aoinne.
    An oidche sin do buaileadh breóidhte an inghean. Lá'r na mháireach do casadh Connie na bPúcaí ar an ndochtúir agus dubhairt sé "Á do baineadh geit mhaith asat aréir." "Cá rabhais an uair sin"? "Á do chonnac tu go maith, agus do baineadh geit mhaith asat-sa mar níorb bhean saoghalta an bhean san ach sprid atá ag déanamh a pionós san áit sin agus theastuigh uaithi go labharfá léi agus nuair nár dheinis bhí sí chun tu a bhreith léi ach do chuireas stop léi ach seachain í as so amach"
    Chuaidh an dochtúir abhaile agus cheap sé ná raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female