School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 402
- XML “Connie na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall a triochadh bliadhain ó shoin in aimsir Connie na bPúcaí. Aon oidhche amháin bhí sé amuich leó mar ba ghnáth.
Bhí a bhean féin agus bean eile, Máire Ní Thuama, istig ag ithe an t-shuipéir. An uair sin bhíodh cúb na gcearc istig ag na daoine.
I lár an t-suipéar dóibh do tháinig an coileach amach ar an úrlár agus do ghlaoidh sé. Tháinig sgannradh ortha mar b'shin cómhartha go bhfaghadh duine éigin bás sa tig.
D'fhágadar an t-suipeár ansan agus suas an staighre leo agus isteach sa leabaidh.
Lá'r na mháireach dubhairt Connie leo "Do baineadh geit mhaith asaibh aréir nuair a ghlaoidh an coileach" Bhí ionghnadh ortha san mar bhí a fhios aca ná raibh sé sa bhaile in-aon-chor an uair sin.
Dubhradar leis "Conus atá an t-eolus san agat ar nóin ní rabhais sa bhaile in-aon-chor"
"Á" ar seisean "bhíos ag féachaint isteach trí poll na h-eocrach, agus is mise fé ndeara an coileach teacht amach agus glaodhach."
"Agus cad 'na taobh gur dheinis é sin" ar siad
"Cun geit a bhaint asaibh mhaise" ar seisean.
"Ní raibh aon ceart in-aon-chor agat a leithéid sin a dhéanamh"
"Níorbh aon ceart duit é sin a dhéanamh libh" ar seisean- Informant
- Máire Bean Uí Shúileabháin
- Gender
- Female