School: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Location:
- Kilclaran, Co. Clare
- Teacher: Ss. Ó Muineóg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
- XML Page 422
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 422
An t-Aonach
ins an am fadó bhíodh na h -aontaighthe ins an bpáirc i gCill Claráin ,tugtar páirc an aonaigh mar ainm uirthe.Píosa talmhan glas is eadh Páirc an aonaigh.Bhíodh aontaighe mhóra chaileamhala ann.Ní bhíonn na h-Aontaighe ann anois agus ní raibh siad ann le seasga bliain o shion.Díoladh go leor beithidhigh ,caoraig agus banbhaí ann.
Timchreall seasga bhliain o shoin do bhíodh na daoine ag troid tar éis an Aonaigh.An am sin ni raibh aon síothcháin ins an gceanntair seo smacht do chur ar na daoiníbh.Nuair a bhí an troid ag siubhal imeasg na ndaoine do bhíodh ar an t-Sagart paróiste teacht ó Fhiacail chun deireadh do chur leis an trioblóid agus clampar.
Nuair a bhíodar ag díol na mbeithidheac d'ifruigheadh an ceannuightheóir den díoladóir ce mhéad a bhéaqdh ag teastail uaidh agus dá bhéadh an dialadóir sásta gheibheadh an ceannuightheóir píosa salaighe ar a mhaide agus cuireadh sé ar dhrom an bheithigh é mar marcal nuair a bhíodar díolta.
Nuair a thagadh ceannuightheóirí ó duaisceart na h-Éireann no Co na Mídhe cuireadh siad marcáille siosúr ar na beithigh nuair a bhídis díolta.Nuair a bhíodh an díoladóir agus an ceannuightheóir sásta deireadh an ceannuightheóir "trom do lámh "Annsin buaileadh an ceannuightheóir bos a lámh é in(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Ceallaigh
- Gender
- Male