School: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Location:
- Kilclaran, Co. Clare
- Teacher: Ss. Ó Muineóg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 451
Tighthe na sean-aimsire.
Insan am fadó cuirti scraithe ar na tughthe mar chlúdaach agus cuirtí tiighe ortha frfeaisn.Gheibhtí na scraithe ar bharraí na sléibhte ,agus gheibhti an tuighe taréis a grainne a bhualadh as an seagal.
Bhíodh leababacha aca ins na tighthibh san am fadó.Bhíodh siad la h-ais an bhalla in aice na teinteán ."Settlebeds"a tugtaoí ortha. Bhíodh leaptacha eile aca ar a dtugtaoí "Pressbeds".
Bhíodh leaba ós cionn an trinteáin go minic san am fadó.Cúileach a tugtaoi air.Bhíodh na teinteáin i gcoinnibh na phiniúra in cuid des na tuighthe agus bhíodh siad insan chúinne in cuid eile aca.Bhíodh an simné déanta de dóib buidhe agus bhíodh siad ag teacht amach tríd an bhfalla.
Bhíodh na tighthe déanta de clocaibh agus dóib gan moirtéal agus bhíodh dhá dhoras ionnta.Bhíodh an aca ag teacht amach ón gcistin agus ceann eile ag teacht amach ón seomra .Déanadh doraas de adhmad .Bhíodh doras agus leathdoras in gach tigh.
Bhíodh teine móna aca san am fadó.