School: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Location:
- Kilclaran, Co. Clare
- Teacher: Ss. Ó Muineóg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rugadh agus tógadh Brian Merryman in Innistiomán. Bhí a athair agus a mháthair an bhocht. Nuair a bhí Brian cúpla bliadhain d'aois tháinig sé féin agus a athair agus a mháthair go dtí Cill an Éana. Bhíodar in a chomhnaidhe ins an áit sin ar feadh tamall. Bhí a athair in a tuigheadóir agus in a clogadóir ann agus do dhéin sé an falla atá timcheall an t-séipéal.Is dóigh go bhfuair Brian oideachas maith o sgoláire bochta a bhí san áit seo. Fear caol, ard cuin, le sallow complexion dob eadh é. Do caith sé frieze cota agus dhá cnapaí ag bun na h-earball. Bhí briste gearr déanta de Curdory aige. Bhí sé ceangailte ag a ghlúin le trí cnapaí ar gach cos. Bhí stócaí fada aige agus bhí siad déanta de olainn liath. Bhí a bhróga trom agus garbh. Bhí siad ceangailte do a cosa le h-iall no sort strapaí.Do sgriobh sé Cúirt an Mhéadhon Oidhche agus Poitín nuair a bhí sé ag múnadh sgoile in gCill Claráin. Deireadh go raibh sé in a chodladh lá i bpáirc Eamonn O h-Éilighe in aice Droichid Bun Shoon nuair a bhí an aisling aige. Tugadh é treasna Doire na gCnoch Buidhe bárr ruadh don aoibheall, os chómhair an t-Sluaigh Sidhe in aice tighe Bhean Uí Mach Donnadha an áit in a raibh sean-sheipéal.Bhí sé ag múnadh sgoile i gCill Claráin in aiche na h-áite in a bhfuil Seán O Tuthaigh in a comnuidhe anois. D'fhan sé le Mícheál Mac(continues on next page)