Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 88
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 88
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- [-]Sgéal.
Bhí gasúr ann aon uair amháin agus chuaidh sé ar fastadh i dteach nach rabh ann ach seanduine agus sean bhean. Ní bhéadh sé ar fastadh sa teach seo ach go dtigeadh an chuach, sin an margadh a bhí deanta.
Gasús gan comhairle a bhí sa ghasúr seo agus ní deafaidh sé a dhath dá n-iarrfaidh an seanduine nó an t-sean bean air. Bá chuma chuma caidé rud é. Ins an deireadh [déirigh] siad iongantach tuireach dó, agus ní rabh (rabh) maith daobhta iarraidh air a ghabhail na bhaile, nó ní rachadh sé daobhta. Oidhche amháin nuair a cuaidh an gasúr a luighe, dubhairt an t-seanbhean leis an t-seanduine. Cuirfidh mise an gasús na (luighe) bhaile imbharach. Rachaidh mé suas-ins an chrann sin amuigh agus racaidh mé a sheinm cosamhail leis an chuach. “Annsin abair tusa leis an gasúr go bhfuil a fastach istoigh aige”.
“Maith go leot,” arsa an seanduine “deanfaidh mise sin. Mhaidín lá thar na bharach chuaidh an t-sean-bhean suas ar an crann agus cuaidh sí a sheinm cosamhail leis an chuach. Sgairt an t-seanduine leis an gasúr, “bhí dó shuidhe go gastach nó tá an cuach ag seinm”. Cá h-áit a bfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Uí Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal