School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 212
- XML “Ard Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ARÁ MÓR
Tá brón indiu ins na Rosaibh,
'S gach ceanntar ar tír mhór,
Fa na fir 's mna a cailleadh,
As oilean Ará Mór,
Faraor, is bocht an sgeál é,
'S sé Dia leag go trom,
A lámh ortha an oidhche sin,
Agus iad bharr na dtonn.
(II)Béidh cuimhne ins na Rosaibh,
Ar an t-Samhain seo go deo,
Nó ní dhéanfar do seo dearmad,
Fhad agus bhéas muid beo,
An caill a tháinig ortha,
Chor a bheith istoigh i gcois na tragha
Agus iad ag teacht na bhaile,
Le luthghair agus grádh.
(III)Cosamhail go rabh sé garbh fealltach,
Le bád a thabhairt anonn,
Ó phort Ailt an Chorrain,
Treasna ar bharr na dtonn,
Acht níor smaointigh siad ariamh,
Istoigh i ndoimhin a gcroidhte,
Gur ar thoin na fairrge móire,
A bheadh a leabaidh luighe.(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide