School: Áth na gCoire

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Seán P. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áth na gCoire
  2. XML Page 229
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sgéal
    Bhí doctúir uair amháin na chomnaidhe in Ath-na-gCoire agus bhí cailín aimsire aige darbh ainm Nábla. Cócaire an-mhaith ar fad a bhí inntí, agus bhí sí comh trom ramhair sin gur tugadh túrtog “ mar leas - ainm uirthí. Innean go rábh sí a bhfad siar a mbliadhanta na tuigseana, agus gan aon comhártha air no buachaili a sgiobadh ar shiubhail, bhí sgéalaíeacht uirthí leis an méid giodáil agus galantais a bhí faoithe. Achan tráthnóna théidheadh sí amach a ghlacadh aeraidheachta daoithe fhéin, agus ag teacht isteach daoithe, sé an céad rása a bheirfadh sí a ghábhail go bhfeicfidh sí (e) í fhéin san ghloinne. Giorsach dóigeamhail atá ionnat go foill a nábla a deireadh sí léithe-fhéin, annsin go h-athasach agus a ndhiaidh gloinne fíona a chathadh siar le goile a thabhairt daoithe, mar deireadh sí. Leigfheadh sí amach an biadh ab fhéarr a bhí aici, ag rádh mar leithsgéal, tá sé beag go leor ag an chócaire a chocaireacht fhéin a bhlás. Lá amháin sgairt an doctúir uirthi “A Nábla arsé béidh duine uasail ag teacht ar cuairt chugam an tráthnóna seo, agus ar an adhbar sin marbh an dá ean is fearr atá agat, agus bhíodh siad rósta réidh agat air an sé ó chlog. Dheánfaidh mé sin ar an bhomaite “arsa Nábla agus gan moran [muille]? marbh sí na h-eaneacha, bhain sí an chluimhrach daobhtha, chóirigh suas iad agus chuir air bheara iad a chóis na teineadh. Air an sé ó chlog bhí siad rósta go deas donn acht ma bhí cha rábh aon chomhartha ar an duine uasail a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1741: The Priest's Guest and the Eaten Chickens
    Language
    Irish
    Collector
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Oide