The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

28 results
  1. Scéal - An Rí a Chaill A Gheall

    CBÉS 0075

    Page 103

    t-athair síos san áit seo bhí déanta fá urlár na cistinighe aige, agus bhí bealach aige fhosgailt ós a chionn, nuair a bheadh sé ag tabhairt beatha dhó, agus shíl chuile dhuine go raibh a athair curtha san uaigh le na mháthair.
    Chuala an ríogh go raibh an fear óg seo an chríonna, agus chuir sé fios air . Chuaidh sé chuig an ríogh. Tá go maith adeir an ríogh, chuala mé go raibh tú in t-fhearr an chríonna. Cuirfidh mé trí cheist ort agus muna bhfreagreochadh tú dhom-sa i mbárach ceart iad bainfidh mé an cloigeann leis an claidheamh dhíot.
    An chéad ceist cé nídh is measa leat beo. An dara ceist cé nídh is measa leis tú beo, agus an tríomhadh ceist, cé namhad is mó agat. Bí agamsa annseo i mbárach nó go bhfeagreochadh tú na ceisteanna seo. D'imthigh an fear bocht abhaile go brónach, agus shuidh sé ar a chathaoir a bhí ós cionn an áit a raibh athair, agus d'aithnigh an t-athair air go raibh brón air.
    Céard atá ort a mhic adeir an t-athair. Tá adeir an mhac, chuir an ríogh fios orm, agus chuir sé trí cheist orm le bhfreagairt i mbárach, agus muna mbeidh sin agam dhó, bainfidh sé an cloigeann dhíom. Dinnsigh an mac na ceisteanna dá athair a chur an rí air. Ó tá siad sin an éasgaidh adéir an t-athair.
  2. Scéal

    Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.

    CBÉS 1055

    Page 155

    cuaidh an sgéala amach nach bpósfadh inghean an Rí aon fhear acht an fear a bfóirfeadh an bhróg do. Ní rabh aon fhear no aon gasúr no aon bhuachaill ins an áit nach fiach leis an bhróig a chur ortha; agus cuid aca ag gearradh na ladara agus na sálta d’a ceile, ach ní fhóirfeadh an bhróg daobhtha.
    Nuair a chualaidh an t-seanbhean a rabh Donn ar loistín aicí fa dtaoibh den bhróig, chuaidh sí cuig an Ríogh agus d’innis do go rabh an buachaill a bhí ar loistín aicí-se ins an coillidh amháin agus gur chaill sé ceann d’a chuid brog. Ins an bhomaite chuir an Rí duine fa choinne an bhuachalla, agus thainig sé leis an teachtaire. Chuir sé an bhróg ar a chois chomh luath a’s thainig sé ‘un toighe, agus pósadh é fhéin agus ingean an Ríogh. Nuair a bhí an chuirim ina suidhe thainig gearrfhiadh go dtí an doras agus arsa seisean “Spréadh ort a Dhuinn scalta Mhic an Diorfaigh.”
    Cuaidh Donn de léim ar a each; a chú le n-a chois a’s a sheabhach ar a bhois, agus lean an gearrfiadh. Cuaidh an gearrfhiadh síos faoí’n talamh, agus lean Donn é. Bhí cúirt bréagh faoí’n talamh, agus bhí sean-bhean ann a ndeanfadh an chead fhiacail a bhí aicí, biorán brollaigh; an dara ceann steafóg bata; agus an treas ceann cis ar abair.
    “A Dhuinn scallta Mhic an Diorfaigh,” arsa sise, “mharbh tú m’fhear agus beirt mac de mo chuid, ach mairbhfidh mise thusa.”
    Tharraing sí trí ribe gruaige as a cionn, agus d’iarr ar Dhonn a cuid eachraidhe a ceangal. Cheangal, agus nuair a bhí Donn comhair a bheith marbh aicí, chuir sí tail trásna an
  3. An Droch-Leasmháthair

    CBÉS 1064

    Page 364

    Tháinic an rí leis an scéal seo, agus thoiligh sé leigint do'n bhuachaill troid i n-áit a mhic fhéin.
    D'imthigh an bhuachaill annsin go h-ionad na troda agus sheasuigh an fód ar son mhic an ríogh. An chead fear a deachaidh sé a throid leis steall se an ceann de; rinn sé an cleas céadna leis an dara fear agus lean air go dtí gur bhain sé na cinn de'n chúigear aca, agus annsin bhí inghean an ríogh bainte aige.
    Thug an buachaill aghaidh ar a' bhaile annsin agus d'innis do'n rígh agus d'á mhac caidé mar chuaidh an troid agus go raibh inghean an ríogh bainte aige do n-a chomhrádaidhe.
    An oidhche sin bhí bhainfheis mhór le bheith aca mar bhí siad le pósadh ar maidín thar na mharach. Chuaidh an rí agus a mac 'un na bainfheise ach d'fhan an buachaill a throid ar son inghine an ríogh sa bhaile, indeoin go raibh cuireadh ag íseal agus uasal 'n-a bainfheise.
  4. An Bhean a Bhí le Pósadh

    CBÉS 1065

    Page 128

    a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Fá dheireadh dubhairt sé go dtiocfadh léithe fanacht go maidin.
    An maidin d'éirigh an bhean bhocht go luath agus d'imthigh sí léithe. Dubhairt sí in a h-intinn fhéin nach bpósfadh sí an búistéar. An dara h-oidhche chuir sí uirthi éideadh na mná boichte arais agus d'imthigh sí a chruinniughadh. Chuaidh sí go dtí an teach a rabh an gréadaidhe na 'chomhnuidhe ann. Leig bean a' toighe isteach í. Nuair a thainic an gréadaidhe isteach d'fhiafruigh sé carbh' as a dtáinic an bhean bhocht agus cad chuige ar leig sí isteach í. D'iarr bean o' toighe air a fágáil annsin nach mbéadh sí acu ach oidhche amháin. Ach fuair an gréadaidhe greim uirthi agus chaith sé amach í. Dubhairt na h-intinn nach bpósfadh sí an gréadaidhe. Annsin bhain sí an baile amach.
    Ag am dinneára an tríomhadh chuir sí uirthi éadaidh na mná boichte agus d'imthigh sí ag tarraingt ar theach mhic an fheirmeóra. Bhuail sí ar an boras. Thainic bean a' toighe amach agus chuir cest uirthi caidé a bhí dhíth uirthi. Dubhairt sí go rabh sí ar lorg déirce. Bhí mac an fheirmeora na shuidhe ag an teinidh agus d'iarr sé ar an mnaoi bhoicht theacht aníos agus a goradh a dheanamh. Annsin d'iarr sé ar a mháthair dinneár maith a thabhairt díthe. Fuair sí dinneár agus nuair a bhí sí ag imtheacht dubhairt fear an toighe go rabh sí
  5. Seanáiteacha i gCluain Dá Chorcach

    CBÉS 1076

    Page 237

    a bhfad ag faghail amach cé bhí ann, agus h-obair go bhfuair sé greim ar Dhiarmaid agus Grainne an oidhche sin, acht fuair siad ar siubhail air ins an dorchadas. Bhí cró eile acú ar an thaobh thiar de Corain Binne fosta os coinne Oileaín Tóraigh agus d'imthigh siad annsin. Cha rabh fios ag Fhionn Mhic Cumhail ca h-áit a d'imthigh agus chuir sé a h-órdóg ina bhéal agus chonnacthas dó go rabh siad na luighe ar ghainimh agus chuaidh sé ag cuartughadh thart fa'n tráigh. Acht rith an ama sé ins an dara cró a bhí siad acht bhí leir ghainimh ar an urlar achuir siad-féin ann, agus se sin an cleas a d'imir siad ar Fhionn. An dara h-oidhche chuaidh siad síos (?) 'un trágha agus bairt mhaith fhraoch ag gach duine acú agus luigh siad ar an fraoch an oidhche sin agus nuair a chuir Fionn a h-órdóg ina bhéal chonnacthas dó go rabh Diarmad agus Gráinne na luigh ins an fraoch agus thoisigh se ag cuartughadh fríd na gcnoc, ar an dóigh seo chuir siad Fionn ar sheacran go cionn tamaill maith fada acht b'eigean dobhtha a theiceadh as Corain Binne acht tá an dhá shean-cró a bhí acú a bheith le feiceal go dtí an indiu.

    AN tSEAN-THEACH SAN PORTACH
    Tá da chnoc i gceartlar Chorain Binne, agus 'sé Cruach Fháire agus Cruac na Madadh na h-ainmeacha atá orthú. Tá ceann acú fa thuairm ceatramhadh míle on chionn eile agus purtach íontach doimhin eadartú. Bhí daoine ag baint móin 'san phortach seo le bliadhaintibh agus nuair a bhí deich
  6. Na Trí Duaiseanna

    CBÉS 1055

    Page 20

    Anna bean Mhic Amhalaidh as Cró-beithe, an clochab-Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo thíos. Tá sí beo go fóill agus í ag druidim suas le 70 bliadhan d'aois. Bean feirmeora atá innti. Rugadh agus tógadh í a gCróbheith.
    Na Trí Duaiseanna
    Bhí fear ann uair amháin agus fuair a bhean bás, agus d'fhág sí gasúr agus giorrsach bheag ina diaidh. Phós an t-athair arais, agus bhí an leas-mháthair iongantach olc don bheirt pháiste ba ghnáthach léithe iad a bhuaileadh go mí-trócaireach.
    amháin chuaidh an díleachta giorrsaighe amach 'na gharraidh a bhaint rósaí a chuirfheadh sí ar an altóir, agus chonnaic sí triúr fear, scannruigh sí ar dtús ach nuair a d'iarr sean-duine a bhí comhgarach do'n triúr fear déirce uirthi, thug sí an phighinn deireanach a bhí aicí do. Thug sé buidheachas díthe agus chuir sé ceist ar na fir goidé a ba mhian leo éirghe díthe.
    Is maith liomsa nuair a théid sé a gháiridhe arsa an chead fhear, "go dtuitfidh rósaí ó na beal."
    Is maith liomsa" arsa an dara fear, "go dtuitfidh pearlaí ó na súile nuair a théid sí a chaoineadh.
    "Is maith liomsa" arsa a tríomhadh fear,
  7. Dán an Bháis

    CBÉS 0136

    Page 52

    Ach gach geall do thugais ní dhearna mé a choimhlíon
    Nó gur loisg mé an coinneall agus níor cnap mé an fóghmhar.
    Sainnt agus peacarus an t-saoghail bréagtha,
    A dalladh mé idtréis. a Rí gheal na ríogtha
    Agus chaith mé mo laetheannta le mar a ciodh sibh.
    Cuirfear deireadh leis an t-saoghal bhréagach so
    Ach ní cuirfear go deó, deó le duaithe an Dé-mhic
    Ach nach cruaidh a chaoinfimíd an t-sleibhe,
    Má bhíthear in ár ndealladh ar taobh na láimhe cléithe
    Tiocfaidh Mícheál le congnamh Dé mhic,
    Síonfaidh sé an geal-trumpa le sinne a n-éirighe
    Níl clúid ná céard an domhain bhréagaigh.
    Nach mbéidh gach colann in a seasamh in a aonraic ann
    An dara buille de'n trumpa géar-ghlan
    Le'n ár gcruinniú in gleann an t-sléibhe
    Lé gach anam teacht in a dtréabaí
    Agus ag dul ins gach colann ariamh ar fhág siad.
    An triomhadh buille de'n trumpa géar-ghlan
  8. Paidreacha Eile ón nGaeltacht

    CBÉS 0161

    Page 008

    Do'n Aingeal Coimhdeach
    A aingil Uasail,
    Gluais liom mar ghárda:
    Chun an Rí tóg suas mé
    Ó'n uair se go mo iré
    Coingbhigh uaim an sluagh.
    Na deamhain atá ar mo thaobh
    Tabhair uatha me in do chuideachta féin
    In Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh . Ámen.
    Ag Dul ar Turas
    Ar choimrighe Dé is Mhic Duach is Mhic Dara thú , is go dtugaidh siad slán abaile thú.
    Aisling Mhuire
    Codladh seo ort , a Mháthair?
    Ní h-eadh, a Mhic na Páiste , acht aisling
    Cé'n aisling í féin , a Mháthair?
    Go bhfuil tusa ' do sciúrsáil.
    Bo chúinnéail, ' do cheangail do postaibh cloiche glaise,
    Go bhfuil do chuid fola céasta in a sruthán leat síos."
    Is fíor sin , a Mháthair. Ar té a dearfadh t'aisling trí h-uaire ar luighe dhó , ní baoghlach dó pianta