Laethanta Áirithe
CBÉS 0011
Page 420
de na daoine iad mar níl aon mhaith a bheith ag géilleadh dóibh. Tosnuigheann cuid eile de na daoine ag tógáil tighe Dé Máirt agus bíonn siad chomh h-adhmhail leis na daoine a thosnuigheann Dé h-Aoine. Rud eile níor mhaith leo troscán d'aistriú isteach i dtigh nua le faitchíos nach mbeadh an t-ádh ar an teach. Tagann 'Lá Crosta na Bliadhna' ar an Aoine agus corr-uair eile ar an gCéadaoin. Ní maith leis na daoine bainne a chur amach an lá sin ná airgead ach an oiread le faitchíos nach mbeadh an t-ádh ortha.
Coinnigheann cuid de na daoine cuid de na prátaí síl go dtí Aoine an Chéasta agus annsin cuireann siad iad agus fásann siad an-luath agus bíonn siad an-mhaith le n-ithe. Bíonn 'Laethanta na Bó Riabhaí' ann an chéad trí lá i dtús an Aibreáin. Bíonn 'Fómhar na nGéanna' ann i dtús Mharta agus itheann na daoine a lán géanna an lá sin. Bíonn 'Rabhartaí Geala na Cásca' ann faoi Chaisc agus bíonn na daoine ag iasgach an lá sin, agus ag baint feamainne. Bíonn 'Dhá Lá Dhéag na Nollag' ann faoin Nollaig agus bíonn an-áthas ar na daoine an lá sin.