(ar lean ón leathanach roimhe)
sí dhe ’á b’é a thoil é mbeadh fhios aige cá mbeadh - an fada uaithi an tig stáitse go raibh sí chun dul a’ triall air istoidhche. Seadh! do labhair sé léi: "Cad tá errthi sin agat," ar seisean, "ca’ ’n-a thaobh ná leogann tú anuas í" ar seisean. "N’fhiadfainn
é mar ná fiadfadh sí seasamh" ar sise. "Leog anuas í!" ar seisean . "Leog anuas í," ar seisean. "Ó, n’fhiadfainn é" ar sise "í leogaint anuas, ní sheasóch sí i n-ao’ chor."
"Leog anuas í ’" ar seisean, a’ breith errthi - ar a’ gcailín - agus ’a bhreith agus ’á leogaint anuas ’n-a seasamh agus do sheasaimh sí dho - do sheasaimh sí agus do - "Seadh ’nois," ar seisean, "siúbhlóidh sí leat go tig a’ stáitse a’ stage house agus tá gadhar ann" dubhairt sé, "agus tugaidh aire dhíbh féin ar a’ ngadhar," ar seisean, "sar a mbiarfadh sé orraibh" ar seisean. Bheir sí léi í go dtí an stage agus do shiúbhluig sí agus do chuaidh sí go dtí an tig agus do ’nis sí focal ar fhocal dóibh connus mar a bheir di - agus - connus mar a beir di is a’ fear a bhuail leó is eile is cá raibh sí a’ dul is eile. "Well, é féin a bhuail libh", arsa muíntir a tíghe, "é féin a tháinig bhúr gcoinnibh. an t-Athair Seán Paor. Siné tháinig bhur gcoinnibh agus tá sí leighiste agus tugaidh bhúr- tis-
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.