A Dhiarmuid is dúbhach liom mar dhiúlthuíghis do’n chóta,
Ach ag úmpáil an ghúna ’gus an úndail(?) nár chóir dhuit,
D’úmpuíghis le Liútar, fear úmpuighthe an
phósta
Agus dhiúlthuíghis do’n Phriúnsa d’fhúig smúit
ar na slóighte.
Is cár fhágais an Mhaighdean Gheal-Bhraighdeach gan pheaca.
Do thogais í mar chéile ’gus an t-Aon Mhac ’n-a h-aice.
Dhiúlthuíghis de’n éide gurbh oilte na bhfearta.
Agus d’úmpuíghis ar a’ mBéarla
agus thréigis an Laidean.
Is cad a dhianfair an lá úd nuair a dhúnfar do dhearca,
Agus sínfar do ghéaga go tréith lag gan tapa,