Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)10
breoidte agus ainmhidhthe breoidhte do leigheas.
Uair amháin do thóg Protastúnach leis an bolla san
chun é chimilt do bhó bhreoidhte a bhí aige agus nuair a
bhí san déanta aige do chuir sé an bolla isteach i
dtrúnca. Nuair a chuaidh sé go dtí an trúnca
lá’r na mháireach ní raibh tásg ná tuairisg an bholla
le fagháil ann. Do bhí an bolla tagaithe tharnais uaidh
féin agus é greamuighthe go daingean istigh i bhfalla an
teampaill. Tá sé ann ó shoin.
Tuiteann lá fhéile Ghobnatan ar an 11adh lá d’fheabhra
agus lá saoire iseadh an lá san i mBaile Mhúirne agus
i n-áiteannaibh teoranntach don bhaile chómh maith san.
Téightear ar thuras go dtí an teampall an lá san
agus do deimhin gach lá sa mbliain agus is minic
a leighiseadh duine breoidhte ann.
Tá tobar beannuighthe le h-ais an teampuill agus óltar
an t-uisge sin nuair a bhíonn an turas tabhartha.
Ní cuimhin le h-aoinne an tobar san do dhul i ndísc agus
bíonn an t-uisge chómh fuar i lár an t-samhraidh agus
ag
a bhíonn sé um Nodlaig.
Innstear sgéal i dtaobh Protastúnaig a bhí na
chómhnuidhe le h-ais an tobair sin tráth.
cach
Buanaire ab eadh an fear céadna ná raibh meas
madra aige ar an dteampall ná ar aoinnidh a
bhain leis. Do thárla ná raibh aon uisge le fagháil(leanann ar an chéad leathanach eile)