(ar lean ón leathanach roimhe)
imeacht lá i n-a chóiste agus chonnaic sé cailín
bocht a’ sliseál éada’ ag sruthán, agus bhí sí i
n-a bean cho breá agus gur thug sé taithne dhi.
"Muise, a’ bposfá mé?" adeir sé.
"Muise, a dhuine uasail," adeir sí, "ná bí a’
maga fúm! Tá’s a’d," adeir sí, "nach bhfuil muid
a’ feiliúint gá chéile, mar tá tusa," adeir sí, "ro-
saidhbhir agus mise ró-bhocht."
"Ó, ná bac leis sin," adeir sé, "- nuair a
bheas tú pósta á’m-sa beidh tú hein saidhbhir."
Ach bhí sé goil di nó go dtug sí toil ar
é phósa.
Phósadar agus bhí bainis mhath acab, agus nuair
a bhí an bhainis caithte tháinic duine go na
Searabhántaí go dtí í.
"Well anois," adeir, "mara bhfuil tú héin in
do bhean mhath tá tú cáillte."
"Tuige sin?" adeir sí.
"Ceal nach bhfuil ’fhios a’d," adeir sé, "go ru
dhá bhean déag pósta ag a’ bhfear sin cheana
(hana), agus chuir sé chuile dhuine acab un báis;
mar ní ru aon tsaol geállta dhó ach go dtug-
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.