(ar lean ón leathanach roimhe)
adeir sé. "Mhil sí héin min insin aríst aréir," adeir sé,
"agus chua sí amach ag íoc na mine a d’ith sí
inné. Agus sin é an t-údar atá le," adeir
sé, "go bhfuil sí imíthe ag íoc a’ tsuip-
éir a d’ith sí aréir."
"Tá sé sin ceart," adeir a’ sagart. "Ach innis
dom anois," adeir sé, "go cén chiallú thiúras tú
dhom," adeir sé, "faoin mbean atá sa seúmra
atá a’ caoineachán - go bhfuil sí a’ caoine
an gháire mór a rinne sí anurtha."
"Ó muise m’anam," adeir a’ Geárlach, adeir sé,
"- mh’anam go ru eirí i n-áirde agus pléaráca
agus góil fhuínn agus béiciúch agus gáirí móra aici
sin agus í ag a’ cúirtéaracht anurtha, agus m’anam,"
adeir sé, "go bhfuil sí i dtinneas páiste inniú,"
adeir sé. "Sin é an t-údar atá leis."
Sin é bhfuil mise i n-ánn a chur síos
ar a’ nGeálrach faoi láthair. Beannacht Dé
le h-anam na marú agus go gcuire Dia
deá-bhail uilig uiléireach orainn.
----
Nóta: Tá tuille ag an sgéalaí faoin nGeárlach, ach
ní innseóchadh sé "faoi láthair" é.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.