Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceól ar bun, cébí fad gearr é. Ach dá ndéaradh sé leis an gceoltóir an port a athrú chaithfeadh an ceoltóir stopa annsin.
- Bhí an sgéalaí amuich i ndiaidh beithíoch trathnóna ar "Roundy Hill," Réidh Reamhar. Bhí sé ina
fhear óg ins an am, agus bhí fear óg eile - cómarsa dhó - i n-éineacht leis. Ní rabh na beithí le
fáil ar an gcroc acu. Tháinic éan mór millteach chuca thríd an aér agus bhuail sé a chomrádaí le n-a chuid sgiathán agus leag sé go talamh é. Ní fhacadar a leithide d’éan ariamh roimhe sin ná ó shoin. Ach ní den éan is mó a rinneadar íontas. D’imigh an t-éan uatha agus ar an bpoinnte ar imigh chualadar an sgairtíl gháiridhe thart tímpeall
ortha ar an gcnoc, agus gan duine ar bith le feiceál acu.