Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- 5.
Cromada cramada i lár mo dhream-sa
Taidhbse i mbárr taidhbhse,
Ladhar i mbárr ladhra,
Dhá chluais choinín agus rubaillín tradhain,
Agus cé mhéad adharc ar a’ bpocán poc?An duine a bheadh dhá rádh sin chrochfadh sé a lámh agus bheadh an oiread seo de na méaracha i n-áirde aige. Bheadh duine eile agus a chúl iompuíthe leis agus chaithfeadh sé sin innseacht dó cé mhéad méar a bhí i n-áirde - bheadh se
a’ tomhais ariamh go dtomhaisfeadh sé an uimhir
cheart. - 6.
Béadh na fir óga cruinníthe thart i bhfáinne ’n-a suidhe ar an urlár, agus fear istigh ina lár.(leanann ar an chéad leathanach eile)