Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- I Láidhricean, Árd Rathain (Co.. na Gaillimhe) atá an bullan (.i. standing stone) seo. Tá cuasán nó hollow i n-a bhárr a mbíonn uisge ann uaireannta. Deirtear go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh súile tinne.
- Dhá dtugtaí uisge isteach san oíche cuirfí coinnlín
(sop tuighe ) deargtha ann síos shul dá n-olfaí aon
bhraon de. - I gCúl (Coole Demesne), Cill Tártain, atá an lisín seo. Feictí fear a’ marcuíocht ar chapall ann agus cú dubh i n-éineacht leis. Bhíothas a’ déanamh bóthair nó cosáin ins an áit uair agus bhí na fir(leanann ar an chéad leathanach eile)