(ar lean ón leathanach roimhe)
chéad fháisge thug sé faoi chuir sé go dtí n-a
ghlúin é, agus a’ dárna cor go dtí n-a bhásta, agus
a’ tríú cor go dtí cráimh a bhráda.
"Lig as seo mé," adeir a’ fathach, adeir sé, "agus tiúra mé
mo shlaitín dhruíochta duit, mo chlaidhmhe soluis agus mo
phoitín íocshláinte."
"Cá’l do chlaidhmhe?" adeir Cruchúr, adeir sé.
"Tá sé faoi’n leic ghlas sin tháll," adeir sé.
Chua Cruchúr anúnn agus fuair sé an claidh-
mhe.
"Cé bhféachann tú an claidhmhe seo," adeir sé, "nó
cé gcuireann tú faobhar air?"
"Féach ar shean-bhlocán nó ar shean-smutám
a’ bith sa gcóill {'y' os cionn 'oi'} é," adeir sé, - "mara leaga sé gon
céad bhuille é leagfa sé gon dárna buille é
go cínnte."
"Ní fheicim sean-bhlocán ná sean-smután a
bith ánn," adeir sé, "is mó a bhfuil ánthró fáite
á’m uaidh le naoi lá fada," adeir sé, "ná do shean-
bhlocán mór héin," adeir sé.
Bhuail sé buille i gcuinc a ghéill agus a bhéil agus
a mhuiníl air, agus chuir sé a’ feaduíol a goil suas é
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.