(ar lean ón leathanach roimhe)
agus a’ góil ’fhuínn a goil anuas dó. Agus d’fhága
sé insin é. Líon sé a chárr slinne agus tháinic sé
ag Cúirt na bhFatha’ eile.
"Anois," adeir siad, "bhfuil fhios a’d, a Chruchúir,
céard a bhí sa leitir seo sgríobhtha ag do mháistir?"
"Níl fhios," adeir Cruchúr.
"Séard a bhí ánn tusa mharú - thú chuir gon
tsaol. Ach nuair a ghabhas tusa abhaile anois tá
fhios a’d céard a dhianfas tú leis."
Bhí go math. Chua Cruchúr abhaile.
"Fág a’ tslínn insin," adeir sé, "- ’sé chaoi bhfuil
sé a’ maga fút - fág an tslínn ’do Dhia," adeir sé.
Chua Cruchúr abhaile agus ní ru aon tuair-
isg le fáil ar a’ máistir. Chuarta sé an teach
ó íochtar go h-uachtar chuile áit, agus sén áit a
bhfuair sé istigh faoi dhá leaba aríst é.
Rug sé i ngrím cluais’ air agus tharrain sé am-
ach é.
"Well," adeir sé, "shíl tú mise a chuir gon
tsaol," adeir sé, "agus thárla gur shílis," adeir sé "cuirfe
mise gon tsaol thusa anois."
Thosa an fear insin a’ cuir milleáin ar a’
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.