(ar lean ón leathanach roimhe)
Ach bhí aon mhac amháin aige agus ní ru sé ’fágáil
búnn bán ag a’ rí; bhí sé ’díol na
mbeithíoch agus ag imeacht leis i n-éineacht le [daoine]
eile - le flatha eile mar é héin, b’fhéidir, - bhídís
ag imeacht agus a’ sgaipe an airgid dá ól. Ach sa
deire ní ru beithíoch a’ bith ar a’ tala ná ru
díolta ólta acab.
Ach dúirt an sean-rí: "níl fhios á’m
faoi’n domhan," adeir sé, "céard a dhianfas mé chor
a’ bith! Tá sé cho (go) math dhom," adeir sé, "mo
chuid talthúna a dhíol anois - mo chuid ríteacht
a thóirt suas ar fad," adeir sé. "Tá mé síos sa
taltha," adeir sé, "ag mo mhac!"
"Well," adeir a’ mac, "dianfa mise bocht nó
saidhbhir sib," adeir sé, "- ó chath mé é tríáilfe
mé le rud icínt a chuir ar a shon."
Insin chloiseat sé sean-sgéalta ag daoine -
sin é an sórt duine a bhí ánn - bhíoch sé ag
éisteacht le sean-sgéalta ag sean-ndaoine:
chuala sé an té chuirfeach aimsir air héin
leis a’ bhfaraige go ndianfat sí bocht nó
saidhbhir é. Chuir sé aimsir air héin leis a’
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.