(ar lean ón leathanach roimhe)
rí eile - mar bhí chúig nó sé do rítiv i n-
Éirinn a’ t-ám sin - agus bhí sin cleamhnas dian-
ta, nú dá dhiana an oíche seo.
Agus bhí gabha i n-aice, mar déarthá, Cúirt
a’ rí a ru an cleamhnas gá chatha ánn. Bhí chaon
nduine acab a goil ar a’ mbanais, ach chuir a’
gabha ’iníon amach ag iarra uisge. Thug sí leithe
ceantín go dtiúrat sí isteach ceantín uisge, agus
nuair a shíl sí an ceantín a thuma síos sa
tobar chonnaic sí a sgáile héin, b’fhacthas di,
chonnaic sí thíos sa tobar é.
"Muise, dhiún a mbeidh mise," adeir sí, - chath
sí insin a’ ceantín - "dhiún a mbeidh mise
’mo chailín ag aoin fhear," adeir sí, "an fhad’s tá
mé héin cho (go) breá leis a’ mbean atá a
goil a’ pósa, nó níos breácha!" adeir sí. Chua sí
isteach insin agus d’innis sí an sgéal dá h-
athair.
"Á, muise," adeir sé, "ar ndú is tú an bhean
is gráinne a bhí aríú [ann] - is tú sin! Eirigh
suas anois," adeir sé, leis an iníon eile, agus tóir isteach
ceantín uisge - tá an ceantín amuich ag a’ tob-
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.