(ar lean ón leathanach roimhe)
Agus nuair a d’airi an táilliúr an mháthair a’
tíocht, gho sé go léim isteach aríst - chuir sé na
píopaí suas faoi na frothachaí agus chua sé is-
teach sa gcliabhán, agus é a’ sgreadach! 'sgreadach!
"Ara muise is mór an náire dhuit é!"
adeir a’ táilliúr, "agus a bheith cho fada amu’ ón
bpáiste sin - an créatúr!" adeir sé, "níl tú ’tóirt
aon phioc dho."
"Ó muise níl, agus ní thóice sé aon phioc
uaidhm ach an oiread," adeir sí.
Ach ní ru seans a’ bith ar é phléazáil.
Ach by gories an tarna lá chua sí ag iarra
an t-uisge, agus: "go ’mach anois," adúirt a’
táilliúr agus tor ’úinn píosa eile ceóil!"
"Ara, d’innseochá orm," adeir sé.
"Ná bíoch faitíos ort," adúirt a’ táilliúr.
D'eirigh sé amach as a’ gcliabhán, ruth sé
suas faoi na frothachaí, tharrain sé anuas na
píopaí is breácha agus is fearr ar leag aon fhear,
bean ná páiste súil aríú orthú; agus thug sé an
ceól is breácha uaidh, go gcuirfeach sé cosa
crainn (crynn) faoi na cearca bhí sé cho breagh
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.