Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhaint do shul má thiocach a’ fuisgí as bheinn ar
meisge ’n-a dhia’."
D’fhiara sé dhon tárna mac cén lear fuisgí
a d’ólfach sé nuair a bheach sé ar meisge. Agus
dúirt a’ tárna mac dhá líonach siad gloine fuisgí
agus é chatha amach sa sruth míle beala’ uaidh agus
deoch ól as a’ sruth go mbeach sé ar meisge ’n-a
dhia’.
Ach d’fhiara sé dhon tríú mac cén méad
fuisgí a d’ólfach sé.
"Á má labhrann tú ar fuisgí aríst," adeir a’
tríú mac, "ní bheidh cois fuíom beidh mé cho dáll-
ta sin."
Níor thaithni sin leis a’ bhfeilméaraí.
"B’ait liom fios a bheith ugum," adeir sé, "cé ug-
uiv is fuide d’fheicfeach."
"Well," adeir a’ mac is sine, "tá’s ugut a’
sliabh," adeir sé, "atá chúig mhíle dhéag as seo?"
"Tá’s," adeir a’ t-athair.
"Well," adeir sé, "feicim frith ’n-a luighe i gcloch
ar a’ sliabh sin."
"Tá sé sin géar go math," adeir a’ t-athair. "Cén(leanann ar an chéad leathanach eile)