Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)héin nach ndíolfa mé ar ais é," adeir sé, "am
icínt?"
"Well socró muid é sin," adúirt a’ min-
istéar, "nuair a ragha muid abhaile."
Chuir sé suas a’ capall - Seán nó cébón
t-ainm a bhí air - agus ghlaoidh an ministéar
isteach air.
"Well," adeir sé, "ná tara inseo aríst go
deó," adeir sé, "- cén t-am a n-íocfa tú mo
chuid-sa airgead liom?"
"Well innseó mise sin dhuit," adúirt a’
cléireach, - "Lá aonach Bhun an Aéir."
"Cén lá é sin?" adúirt a’ ministéar.
"Lá nach dtioca go deó," adeir sé.