Imleabhar: CBÉ 0352
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (Ag na h-athair is mó a chluinead sí é seo.)
Rachaidh mise suas ar ghárdaí ’n ríogh
Agus bhéarfaidh mé ’nuas ar láimh liom í,
'S is mise chuirfeadh ’n chluain ar a bhán chrios mhín
Bhéarfaidh mé go Thuad-Mhumhain í, grádh mo chroidhe
II
Tógaigidh suas í ar ghruaimhín an iomhaire,
Lasadh ann a gruaidh agus buaidh ’ach duine léi,
A gile tá gan gruaim, chuirfeadh ’n chluain ar an
iomataigh (iomadh dí)
'Sé mo sgéal truagha mar luaidheadh mise léi.
III
Ní fhuil mise tinn, agus ní fhuil mé slán,
Is ró-mhór m’osna, ’s ní féadhaim a ráadh
Nuair a smuamhthighim ar an uair ud a bhí mé ’stú
ghrádh
Gual' ar ghual' agus lámh ar láimh.
IV
Galar chlaoidhte i choidhche ’n grádh
Is mairg ar a mbíonn sé oidhche nó lá,
Cé gur cruaidh a’ snaidhm, ’snach sgaoiltear é
go bráthach
Chomradaidhe díleas go dtéighidh tú slán.(leanann ar an chéad leathanach eile)